Fáilte go dtí na Sáirséalaigh ! Is muidne an club is mó in Iarthar Bhaile Átha Cliath. Bunaithe in 1886, tá fás agus forbairt tar éis teacht ar ár gclub le blianta anuas.

I láthair na huaire, tá 3,600 duine mar bhall don chlub. Cuirtear go leor imeachtaí ar fáil sa chlub ar nós ár gCúpla Focail! Is grúpa dén chéad scoth é a thugann deiseanna do chuile duine ár dteanga nádúrtha a fhoghlaim is a labhairt. Cuirtear ranganna Gaeilge chuile oíche dé Luain ó 20:00 – 21:00. Ní gá go mbeidh Gaeilge agat chun páirt a ghlacadh sna ranganna. Más rud é go bhfuil suim agat sna ranganna Gaeilge; dean téagmháil le Mícheál Ó Grádaigh ag (087-233-1983) (Ní bheidh aon duine glactha go dtí mí Mheán Fhómhair – toisc go bhfuil na Ranganna lán go doras!

Ní hamháin sin, ach i mbliana, tá Comórtas Seachtain na Gaeilge againn. Caithfear go mbeidh d’iontráil seolta trí Ghaeilge. Tá dhá théama againn; ‘Tábhacht an Chlub domsa’‘An Cluiche is Fearr Riamh. Tá réimse leathan duaiseanna ar fáil don chéad áit is an dara áit (ar nós bratacha, stocaí, caipíní, scairfeanna agus milseáin!) Dáta deiridh chun cuir isteach ar an gcomórtas ná 17/03/2026.

Ná dean dearmad d’ainm agus d’uimhir a chur ar d’iontráil! Seolaigí isteach iad go og.leamhcain@gmail.com nó fág isteach sa Chaife iad!

Freisin, i mbliana, beidh Campa Samhraidh againn trí mheán na Gaeilge. Beidh sé ar siúl ón 27ú d’Iúil (27/ 07/2026). Más rud mé go bhfuil suim agat clárú don champa déan teagmháil le hAimee ag (083-486-0560) og.leamhcain@gmail.com